Ní mór do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna) freastal ar suas le trí chnuaschruinniú éagsúla ar feadh a bpróiseas Droichead.
Is fóram é gach cnuaschruinniú inar féidir le MNCanna an próiseas Droichead agus cleachtas ghairmiúil a phlé agus soiliéiriú a lorg. Moltar do MNCanna ceisteanna a chur, treoir a lorg, macnamh a dhéanamh ar dúshláin ar leith agus rathúlacht, smaointe agus eispéiris a roinnt.
Éascaíonn Comhaltaí Ionduchtúcháin Droichead a bhfuil taithí acu na cnuaschruinnithe agus cuireann siad bealaí tacaíochtaí ar fáil do MNCanna idir ghairmiúla agus pearsanta. Cothaíonn an cur chuige comhfoghlama seo caidrimh ghairmiúla, muinín agus inniúlacht.
Ní mór do MNCanna riachtanas iomlán cnuaschruinniú a bhaint amach de réir an Fhéilire Chnuaschruinnithe Droichead 2024.2025. Ní mór do MNCanna an féilire seo a léamh i dteannta le “Cnuaschruinnithe: Faisnéis Tábhachtach agus Prótacail Freastail“.
Ní mór do MNCanna iarratas a dhéanamh ar Droichead tríd an tairseach ‘Mo Chlárú’ ar www.teachingcouncil.ie/ga agus ríomhphost deimhnithe a fháil ón gComhairle Mhúinteoireachta sula gcláróidh siad le haghaidh Chnuaschruinniú 1 (CC 1).
Ní mór do MNCanna freastal ar cnuaschruinniú amháin (a bhaineann go sainiúil lena gconair chlárúcháin – bunscoil nó iar-bhunscoil) in aghaidh an téarma in ord seicheamhach ar feadh fhad a bpróiseas Droichead.
Ní mór do gach MNC clárú le Mol Riaracháin na gCnuaschruinnithe sula gcláróidh siad le haghaidh CC 1.
Cnuaschruinniú 1
Tá clárú le haghaidh dátaí agus amanna ar leith do Chnuaschruinniú 1 do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna) oscailte anois.
Cuirtear tús le himeachtaí Chnuaschruinniú 1 an tseachtain dar tús an 30 Meán Fómhair de réir Fhéilire Chnuaschruinnithe Droichead 2024.2025.
Cnuaschruinniú 2
Osclófar clárúchán do dhátaí agus amanna le haghaidh Chnuaschruinniú 2 (CC 2) agus Cluster Meeting 2 (CM 2) ar leith do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna) ar an 2 Eanáir 2025 ag 08:30. Éascófar Cnuaschruinniú 2 ar líne agus tosóidh siad an tseachtain dar tús 13 Eanáir, de réir an Fhéilire do Chnuaschruinnithe.
Ba chóir do MNCanna an CC 2 ar mian leo freastal air a roghnú agus a chur in áirithe tríd an mol riaracháin lárnach.