Fáilte

Fáilte chuig ár suíomh gréasáin

Is seirbhís tacaíochta nua de chuid na Roinne Oideachais do scoileanna í Oide, a bunaíodh ó chomhtháthú ceithre sheirbhís tacaíochta atá ann cheana féin, an Lárionad um Cheannaireacht Scoile, an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí, an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí.

Is í an aidhm atá againn ná cabhrú le foghlaim ghairmiúil ceannairí scoile agus múinteoirí. Déanaimid amhlaidh ar bhealaí ceannródaíocha, nuálacha agus cruthaitheacha a léiríonn eagraíocht nua-aimseartha, fhorásach agus ghairmiúil agus a chinntíonn go mbíonn na heispéiris foghlama is fearr is féidir ag ár muintir óga. Dearadh an suíomh gréasáin seo go cúramach agus muid ag smaoineamh ortsa mar úsáideoir deiridh. Bhain an próiseas deartha úsáid as an eolas agus as an taithí ollmhór a bhí ag gach ceann de na ceithre heagraíochtaí agus a suíomhanna gréasáin féin á bhfeidhmiú acu le blianta fada. Beidh ról ríthábhachtach ag an suíomh gréasáin inár gcumarsáid le ceannairí scoile agus le múinteoirí agus fásfaidh agus forbróidh sé i bpáirt leis an eagraíocht í féin.

Déanfar cur síos sa suíomh gréasáin seo orainn féin agus na seirbhísí a chuirimid ar fáil, tabharfaidh sé sonraí faoinár gcuid imeachtaí agus conas teagmháil a dhéanamh linn. Feidhmeoidh sé freisin ina thaisce do na hacmhainní foghlama gairmiúla agus na hábhair ranga go léir a bhíonn á ndearadh agus á n-éascú againn le ceannairí scoile agus le múinteoirí ar bhonn náisiúnta. Tá súil againn go mbeidh sé éasca a nascleanúint agus go mbeidh sé ina fhoinse eolais  chabhrach duit i do chuid oibre.

Tá Oide tiomanta don suíomh gréasáin seo a uasdátu. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as brabhsáil air, agus má bhíonn aon aiseolas agat cuir chugainn é le do thoil.

Dr. Pádraig Kirk
Stiúrthóir Bainistíochta
Pádraig Kirk
Back to Top