Nuacht agus Uasdátuithe

Earcaíocht don Scoilbhliain 2025/2026

Tá Oide ag earcú faoi láthair chun roinnt poist lánaimseartha ar iasacht do mhúinteoirí a líonadh a d’fhéadfadh a bheith ar fáil sa scoilbhliain 2025/2026. Tá sé mar aidhm ag Oide béim a chur ar thábhacht na Gaeilge dár scoileanna agus ar an mbonn sin a bhfuil earcaíocht á déanamh faoi láthair do mhúinteoirí a bhfuil inniúlacht acu a bheith ag obair as Gaeilge. Lorgaítear iarratais ó cheannairí scoile agus múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile cláraithe. Is féidir go gcuirfí painéil le chéile do na poist. Tá tuilleadh eolais ag an nasc seo

Is é 20 Feabhra 2025 ag 5 i.n. an spriocdháta d’iarratais.  

Nasc: https://oide.ie/ga/earcaiocht/.  

leadership thumb 1

Bláthú Teanga í a Léamh … EFG idirghníomhach ar Zoom

Beidh sraith d’eispéiris foghlama ghairmiúla (EFG) ar siúl ag Oide faoin gCiorclán 0070/2024: Ábhar Dualgais do Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta i mí an Mheithimh 2027 agus ina dhiaidh sin. Sa chéad eispéireas foghlama gairmiúla (EFG), Bláthú Teanga í a Léamh: 1 Spléachadh ar ‘Cócó’ agus ‘Deireadh na Feide’, fiosrófar bealaí le litríocht a úsáid mar acmhainn teanga i bhforbairt scileanna teanga le béim ar an gcur chuige comhtháite. Bheadh sé fiúntach an t-ábhar dualgais sin a iniúchadh roimh ré. Beidh an t-aiseolas ó na rannpháirtithe mar bhonn eolais i ndearadh na chéad EFGanna eile sa tsraith amach anseo. Cuir d’áit in áirithe ag https://oide.ie/ga/muinteoiri/ 

An nuacht is déanaí ó X

@oide_Ireland

Back to Top