Chuir Foireann na Bunscoile tús iontach le Gaeilge Abú Spórt Abú an tseachtain seo le cúrsa lán go doras in Ionad Oideachais Dhroim Chonrach i mBaile Átha Cliath. Bhí lá den scoth acu le gníomhaíochtaí agus deis labhartha do mhúinteoirí T2 i dtimpeallacht dhearfach agus fháilteach
Leagann Gaeilge Abú! Spórt Abú! béim ar an gcur chuige cumarsáideach i múineadh na Gaeilge tríd an spórt. Dírithe go speisialta ar mhúinteoirí scoileanna T2 (nach í an Ghaeilge gnáth-theanga teagaisc), tá an cúrsa seo lán de straitéisí, acmhainní agus leideanna a chothóidh muinín an mhúinteora agus dearcadh dearfach na bpáistí i leith na Gaeilge.
Is cúrsa lae é, le lón san áireamh agus ceadaítear ionadaí don scoil. Tapaigh an deis anois, tá roinnt spásanna ar fáil go fóill:
Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí (7 Bealtaine)
Ionad Tacaíochta Oideachais Thrá Lí 8 Bealtaine)
Ionad Tacaíochta Oideachais na hUaimhe (13 Bealtaine)
Cláraigh: https://oide.ie/ga/muinteoiri/
