Search

Tionól Teagaisc 2026

Tá clár do Thionól Teagaisc 2026 ar fáil anois ag an nasc seo agus is féidir leat clárú don Tionól Teagaisc 2026 ag an nasc seo.  

Tionól Teagaisc 2026

Is cúis áthais d’Fhoireann Ghaeilge na hIar-bhunscoile Oide go reáchtálfar Tionól Teagaisc 2026 Dé Sathairn, 7 Samhain 2026 in Óstán Killeshin, Port Laoise, Co. Laoise, R32 TYW7. 

Cuirfear tús leis an Tionól Teagaisc ag 10:00 r.n. le hoscailt oifigiúil ón Chigireacht, Helen Ní Chatháin, an Roinn Oideachais agus Óige, ‘Ag Breathnú ar an nGaeilge, Dréacht-Treoir d’Iar-Bhunscoileanna.’

Osclóidh Pádraig Mac Fhlannchadha, Príomhoifigeach agus Micheál Ó Caoilte, Cigire Iar-bhunoideachais, An tAonad Gaeilge um Scoileanna Meán-Bhéarla, An Roinn Oideachais agus Óige an dara leath den chomhdháil le ‘Is féidir liom, is féidir linn… Feidhmiú an Phlean Gnímh don Ghaeilge i scoileanna Meán-Bhéarla.’

Beidh ceithre sheisiún de cheardlanna le linn an lae a bhaineann le réimsí oideolaíochta ar nós:

  • Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT)
  • Foclóir Nua-Ghaeilge aonteangach le Foras na Gaeilge
  • Litríocht Ardteistiméireachta
  • Litríocht na Sraithe Sóisearaí
  • Micreamhodúl don Idirbhliain (Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge – COGG)
  • Scannánaíocht Ghaeilge
  • Drámaíocht
  • An Ghaeilge mar theanga bheo agus Téacsanna Gaeilge T1
  • COGG – Tobar – acmhainní don chomhthéacs meán-Bhéarla
  • Cumas Teangan
  • Snas TV

Beidh lón gan costas in áirithe do gach múinteoir Gaeilge ar an lá. Beidh foirm aiseolais le líonadh isteach ag gach múinteoir ag deireadh an Tionóil Teagaisc. Tiocfaidh an teastas tinrimh mar fhreagairt chugat tar éis an fhoirm sin a líonadh isteach.

Bí linn don ócáid seo chun Gaeilge na hIar-bhunscoile a cheiliúradh. Is féidir leat clárú don Tionól Teagaisc 2026 ag an nasc seo.  

Screenshot 2026 10 22 111649
Screenshot 2026 10 22 111756
Back to Top