Nuacht agus Uasdátuithe

Bláthú Teanga í a Léamh … EFG idirghníomhach ar Zoom

Beidh sraith d’eispéiris foghlama ghairmiúla (EFG) ar siúl ag Oide faoin gCiorclán 0070/2024: Ábhar Dualgais do Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta i mí an Mheithimh 2027 agus ina dhiaidh sin. Sa chéad eispéireas foghlama gairmiúla (EFG), Bláthú Teanga í a Léamh: 1 Spléachadh ar ‘Cócó’ agus ‘Deireadh na Feide’, fiosrófar bealaí le litríocht a úsáid mar acmhainn teanga i bhforbairt scileanna teanga le béim ar an gcur chuige comhtháite. Bheadh sé fiúntach an t-ábhar dualgais sin a iniúchadh roimh ré. Beidh an t-aiseolas ó na rannpháirtithe mar bhonn eolais i ndearadh na chéad EFGanna eile sa tsraith amach anseo. Cuir d’áit in áirithe ag https://oide.ie/ga/muinteoiri/ 

Treoir teagaisc do Ghaeilge na hArdteistiméireachta ó 2025 curtha le chéile ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta

Tá dhá threoir teagaisc do Ghaeilge na hArdteistiméireachta ó 2025 curtha le chéile ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil. 

Fáilte romhaibh ar ais agus Beannachtaí na hAthbhliana úire ar oidí Gaeilge na tíre!

Tá Foireann na Gaeilge, Iar-bhunleibhéal, Oide ar an bhfód agus is cúis áthais dúinn go mbeimid ann chun cúnamh agus comhairle a sholáthar do mhúinteoirí Gaeilge.

Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Déanann Foireann Gaeilge, Iar-bhunleibhéal, Oide, comhghairdeas leis na h-iar-bhunscoileanna Gaeltachta ar fad a bhain aitheantas amach faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Tá sár-obair curtha i gcrích agaibh maidir leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, ag tacú le forbairt na Gaeilge agus le caomhnú chultúr saibhir na Gaeltachta.  

Tionól Teagaisc 2024-2025

Dáta: Dé Sathairn 9 Samhain 2024

Am: 09:30-15:00

Ionad: Óstán Killeshin, Port Laoise, Co. Laoise, R32 TYW7

Ní fada uainn féile na foghlama do mhúinteoirí Gaeilge! Is cúis áthais dúinn an Tionól Teagaisc a reáchtáil chun gnéithe de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge a phlé. Gabhaimid buíochas leis na múinteoirí ar fad atá cláraithe cheana féin- táimid ag súil le casadh libh! Soláthrófar sé cheardlann déag ar an Satharn seo ag Tionól Teagaisc 2024/25 as a mbeidh múinteoirí ag roghnú ceithre cinn. Tá cóip den chlár san íomhá thíos. Léiríonn éagsúlacht na gceardlann réimse na foghlama agus an teagaisc a tharlaíonn sna seomraí ranga Gaeilge. Cuirfear lón ar fáil don lucht freastail agus tabharfar mála féiríní dóibh chomh maith! Muna bhfuil tú cláraithe don ócáid seo tapaigh an deis anois, beidh an clárú ag dúnadh ar an Déardaoin agus níl ach méid áirithe málaí féiríní againn. Cláraigh anseo: https://tinyurl.com/TT20242025

Tionól Teagaisc 2024-2025: Satharn, 9 Samhain, 2024 in Óstán Killeshin, Port Laoise, Co. Laoise, R32 TYW7.

Is cúis áthais d’Fhoireann Ghaeilge Oide go reáchtálfar an Tionól Teagaisc 2024 ar an Satharn, 9 Samhain, 2024 in Óstán Killeshin, Port Laoise, Co. Laoise, R32 TYW7. Is í aidhm na hócáide ná deiseanna a sholáthar do mhúinteoirí chun gnéithe de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge a phlé!

I measc na n-imeachtaí a bheidh ann ar an lá ná, múinteoirí ag roinnt cleachtais agus straitéisí praiticiúla, cainteanna ó aíonna, seastáin éagsúla agus ceardlanna idirghníomhacha ina mbeidh an fhoghlaim lárnach. Cuirfear lón ar fáil don lucht freastail agus tabharfar mála féiríní dóibh chomh maith! Ba bhreá leis an bhfoireann tú a bheith ina teannta ar an lá agus más maith leat dul ann, is féidir clárú don ócáid ag an nasc seo: https://tinyurl.com/TT20242025

Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2025

Foilsíodh Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2025.Leagtar amach sa doiciméad seo nuashonraithe seo na socruithe measúnachta leasaithe do scoláirí iar-bhunscoile a dhéanfaidh scrúduithe teastais sa scoilbhliain 2024/25. Thángthas ar na hoiriúnuithe, atá cosúil leis cinn a rinneadh do na scoláirí a rinne scrúdaithe in 2024, trí phlé idir an Roinn Oideachais (RO), Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS), an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus croípháirtithe leasmhara.

Lean an nasc do bhreis eolas: https://www.gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/305305/de74bca4-0719-4cfe-b756-e1b28fec6171.pdf

Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2025

Cliceáil Chun Breathnú

Ábhar Dualgais do Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta i mí an Mheithimh 2027

 Ciorclán 0070/2024 eisithe ag an Roinn Oideachais inniu, 12 Meán Fómhair 2024, ina bhfuil cur síos ann ar an ábhar dualgais do scrúdú Ghaeilge na hArdteistiméireachta 2027. Tá an nasc ar fáil anseo agus ar www.gov.ie

Ábhar Dualgais do Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta i mí an Mheithimh 2027

Cliceáil Chun Breathnú

Latest from X —

@oide_Ireland

Back to Top