D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige plean gnímh nua, ‘Is Féidir Liom, Is Féidir Linn…Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla’ ar an 7 Samhain 2025.
Tá sé mar aidhm sa phlean gnímh tacú le scoileanna agus le múinteoirí chun feabhas a chur ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge, agus chun eispéiris foghlama níos tarraingtí agus níos luachmhaire a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga.
Tá an plean ar fáil anseo ar shuíomh Oide.
