Beidh an tsraith d’eispéiris foghlama gairmiúla (EFG) faoin Chiorclán 0071/2025: Ábhar Dualgais do Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta i mí an Mheithimh 2027 agus 2028 ag leanúint ar aghaidh i mí Eanáir 2026 le spléachadh ar na téacsanna ‘Glaoch Abhaile’ agus ‘Clann Lír’.
Is féidir clárú don EFG Bláthú Teanga í a Léamh 3: Glaoch Abhaile agus Bláthú Teanga í a Léamh 4: Clann Lír anseo.


