Search

Foirm um Léiriú Spéise: Ceardlann a Éascú ag Tionól Teagaisc 2026

Ba bhreá le foireann na Gaeilge Iar-bhunscoile Oide léirithe spéise a fháil ó mhúinteoirí Gaeilge ar mian leo ceardlann a dhearadh agus a éascú ag an Tionól Teagaisc 2026, a reáchtálfar ar an 7 Samhain 2026 in Óstán Killeshin, Port Laoise, Co. Laoise, R32 TYW7. 

Cuirfear fáilte roimh léiriú spéise ó mhúinteoirí i gcomhthéacsanna oideachais éagsúla gur mian leo dea-chleachtais ar ardchaighdeán i gcleachtas múinteoirí a roinnt le múinteoirí eile i dtaca le Ráitis ar chleachtas fíor-éifeachtach ABSA (2022) agus le polasaithe do shuíomhanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge. Ní gá go mbeadh taithí agat ar cheardlann a dhearadh ná a chur i láthair do mhúinteoirí.

Is é téama na bliana seo ná ‘Dearcadh dearfach i leith úsáid na Gaeilge – deiseanna agus féidearthachtaí’ 

Tá an fhoirm um léiriú spéise don Tionól Teagaisc ag an nasc seo.

Return to Previous Page

Back to Top