Foilsíodh Tuarascáil Chigireachta na Roinne Oideachais agus Óige – Athbhreithniú Téamach a thugann mionsonraí faoin gclár cigireachta a rinne Cigireacht na Roinne Oideachais agus Óige sa tréimhse Eanáir 2024 Nollaig 2024.
Cuirtear i láthair ann anailísí achoimre ar chinntí cigireachta ó shuíomhanna f hoghlaim agus chúram na luathóige, ó bhunscoileanna, ó scoileanna speisialta agus ó iarbhunscoileanna. Cuirtear i láthair ann freisin machnaimh théamacha ar ghnéithe den soláthar oideachais in Éirinn inniu, bunaithe ar an taighde agus na cigireachtaí a rinne cigirí sa bhliain 2024 agus sa chéad leath den bhliain 2025 agus ar na cuairteanna comhairleacha a thug siad le linn na tréimhse sin.
Tá an tuarascáil ar fáil anseo.

