Nuacht agus Uasdátuithe

Sraith Tuarascálacha maidir le Polasaí Oideachais Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Tá sraith tuarascálacha foilsithe ag an Roinn Oideachais, ullmhaithe ag Sealbhú, an lárionad taighde in DCU, a bheidh mar bhonn eolais d’fhorbairt an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá gach eolas ina leith ag an nasc seo https://tinyurl.com/nab7vjnk

Liostaí Litríochta na Sraithe Sóisearaí

Tá eolas luachmhar anseo faoi liostaí litríochta na Sraithe Sóisearaí. Más maith leat téacs a mholadh do chomhthéacs T1 tá nasc anseo https://tinyurl.com/mscnemm9 & más mian leat téacs a mholadh do chomhthéacs T2, tá an nasc cuí anseo https://tinyurl.com/5efjddn8

Uasdátuithe maidir le cur chun feidhme na Sraithe Sóisearaí

Nóta Faisnéise: Uasdátuithe maidir le cur chun feidhme na Sraithe Sóisearaí le tagairt ar leith don scoilbhliain 2024/25. Tá gach eolas ina leith ag an nasc seo https://gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/294383/c99cb113-4d28-4e76-9795-859c4b8dfd42.pdf#page=null

Chuig: Príomhoidí agus Boird Bhainistíochta na Scoileanna Dara Leibhéal agus na Scoileanna Speisialta, agus Príomhfheidhmeannaigh na mBord Oideachais agus Oiliúna Ábhar atá Leagtha Síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2026.

Is mian leis an Roinn Oideachais

(a) a chur in iúl d’údaráis bhainistíochta scoileanna dara leibhéal gur ar an liosta atá an t-ábhar ata leagtha síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2026

(b) a iarraidh ar údaráis bhainistíachta dóthain réamhfhógra faoi na téacsanna seo a thabhairt do scoláirí roimh thús na scoilbhliana atá i gceist.

Imlitir: 0026/2024 Ábhar atá Leagtha Síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2026  

Latest from X —

@oide_Ireland

Back to Top