Is féidir teacht ar ábhar foghlama ghairmiúla agus ar na tacaí ábhartha a cuireadh ar fáil sna ceardlanna EFG a soláthraíodh sa rannóg seo.
Ag deireadh an eispéiris foghlama gairmiúla seo beidh tuiscint níos doimhe ag múinteoirí ar:
• luach na punainne teanga i bhforbairt scil na scríbhneoireachta
• chruthaitheacht mar spreagadh don scríbhneoireacht
• sheánraí, fhrámaí agus ócáidí scríbhneoireachta
• shaibhreas na litríochta béil/áitiúla don scríbhneoireacht
• conas cruinneas agus saibhreas scríbhneoireachta a fhorbairt le straitéisí agus le haiseolas éifeachtach.
Seisiún 1
Sa seisiún seo, táimid ag foghlaim conas tréithe i bhfoghlaimeoirí eiseamláireacha a aithint agus a fhorbairt.
Seisiún 2
Sa seisiún seo, táimid ag foghlaim conas leas a bhaint as an léitheoireacht chun scileanna litearthachta na scoláirí a fhorbairt.
Seisiún 3
Sa seisiún seo, táimid ag foghlaim conas an t-idirghníomhú cainte a chur chun cinn sa seomra ranga.