Cuirfidh múinteoirí na nuatheangacha suim inár gcúrsa ar líne nua trí-uair-an-chloig maidir leis an Teicneolaíocht Dhigiteach do Mhúinteoirí Nuatheangacha Iasachta. Forbraíodh an cúrsa féinluais seo ag Teicneolaíocht san Oideachas Oide i gcomhpháirtíocht le Teangacha Iar-bhunscoile Éireann. Sna sála ar chúrsa píolótach gairid ar cuireadh fáilte mhór roimhe go deireanach anuraidh, tá an cúrsa ar fáil ina iomláine anois agus rochtain neamhtheoranta air agus beidh sé á reáchtáil go dtí deireadh na scoilbhliana 2024/25.