Fáilte chuig an rannán dár láithreán gréasáin a bhaineann leis an ionduchtú Droichead a thugann eolas agus a chuireann acmhainní ar fáil chun tacú leis an bpróiseas ‘Droichead’ i scoileanna.
Tacaíonn Rannóg Ionduchtúcháin Droichead le hionduchtú Múinteoirí Nuacháilithe (MNCnna) bunscoile agus iar-bhunscoile i ngairm na múinteoireachta. Tá sé seo ag teacht le riachtanais na Roinne Oideachais agus le beartas na Comhairle Múinteoireachta maidir le hionduchtú – Droichead, An Creat Comhtháite Ionduchtúchán Gairmiúil do MNCnna (2017).
Is é príomhchuspóir phróiseas Droichead ná tacú le foghlaim ghairmiúil MNCnna le linn chéim an ionduchtaithe, agus ar an gcaoi sin an dúshraith a leagan síos d’fhás agus d’fhoghlaim ghairmiúil ina dhiaidh sin.
Cuireann an chuid seo den láithreán gréasáin faisnéis agus acmhainní ar fáil do Phríomhoidí, d’fhoirne tacaíochta gairmiúla (iol), do MNCnna agus do phobail scoile uile chun próiseas ionduchtaithe ardchaighdeáin a chinntiú.