Fáilte chuig an rannán dár suíomh gréasáin atá tiomanta do chur chun cinn na teicneolaíochta agus dá comhtháthú sa teagasc agus san fhoghlaim.

Aimsigh tuilleadh eolais

Cuireann an Rannóg Teicneolaíochta Oideachais in Oide rompu teicneolaíocht dhigiteach a neadú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.

Tugaimid tacaíochtaí éagsúla a bhaineann leis an teicneolaíocht do mhúinteoirí agus do scoileanna. Ina measc, tacaíocht scoile don phleanáil agus don chleachtas a bhaineann leis an bhfoghlaim dhigiteach, réimse leathan de chúrsaí aghaidh ar aghaidh agus cúrsaí ar líne, ceardlanna, seiminéair, seimineáir ghréasáin agus tionscnaimh, rochtain ar fhíseáin de dhea-chleachtais. 

Tugaimid treoir freisin maidir le hinfreastruchtúr, gléasanna, líonrú agus treoir theicniúil do scoileanna, maidir le slándáil ar an idirlíon trí Webwise chomh maith le rochtain ar ábhair foghlama ó Scoilnet.

1. Ba mhaith liom tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna foghlama gairmiúla??
Cuirimid réimse leathan deiseanna foghlama gairmiúla ar fáil do mhúinteoirí trí chúrsaí ar líne, físeáin dea-chleachtais, seimineáir ghréasáin, acmhainní foghlama ar líne agus cúrsaí in Ionaid Oideachais. Cuireann Ceannairí Foghlama Gairmiúla le Oide tacaíocht scoile saincheaptha bunaithe ar Teicneolaíochtaí Digiteacha ar fáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin obair seo tabhair cuairt ar Cúrsaí agus Cleachtas – Oide Teicneolaíocht san Oideachas

2. Ba mhaith liom tuilleadh eolais a fháil faoi thionscadail agus tionscnaimh?
Táimid páirteach i réimse leathan de thionscadail agus tionscnaimh foghlama digiteacha. Cé go ndíríonn cuid mhaith de ghníomhaíocht an tionscadail ar bhainistiú thairseach na Roinne Oideachais do scoileanna (Scoilnet) agus ar a clár idirlín níos sábháilte (Webwise), táimid i gceannas freisin ar réimse leathan de thionscadail foghlama digititeacha praiticiúla agus nuálacha, ag tacú le scoileanna agus múinteoirí rannpháirteacha, go pearsanta agus ar líne araon. Glacaimid páirt freisin i dtionscadail nuálacha Eorpacha maidir leis an bhfoghlaim dhigiteach.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin obair seo téigh chuig Tionscadail agus Tionscnaimh – Oide Teicneolaíocht san OideachasTionscadail agus Tionscnaimh – Oide Teicneolaíocht san Oideachas

3. Ba mhaith liom a fháil amach cén treoir agus tacaíocht maidir le bonneagar teicneolaíochta digití atá ar fáil do scoileanna
Cuirimid treoir agus tacaíocht ar fáil do scoileanna maidir le Bonneagar Teicneolaíochta Digití (DTI). Áirítear leis seo gléasanna ríomhaireachta, líonrú scoile agus Wifi, teilgeoirí & painéil chothroma idirghníomhacha, ardáin foghlama, cibearshlándáil agus tacaíocht theicniúil, (déan teagmháil linn ag ictadvice@oide.ie). Cuirimid pointe teagmhála agus tacaíochta amháin ar fáil freisin do ‘Leathanbhanda Scoileanna’ trínár nDeasc Seirbhíse Leathanbhanda do Scoileanna, (déan teagmháil linn ag: 1800 33 44 66 nó ag broadbandservicedesk@oide.ie)
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin obair seo tabhair cuairt ar Teicneolaíocht agus Bonneagar – Oide Teicneolaíocht san Oideachas

  • Teicneolaíocht Dhigiteach

    Aimsigh tuilleadh eolais
  • Teicneolaíocht san Oideachas

    Aimsigh tuilleadh eolais
Back to Top