Digital Technology

Teicneolaíocht san Oideachas

“Scoileanna a chumasú le húsáid a bhaint deiseanna an athraithe digitigh chun inniúlacht dhigiteach a fhorbairt agus éiceachóras digiteach oideachais chun foghlaimeoirí cumasacha, rannpháirtíocha, gníomhacha a fhorbairt agus tacú leo barr a gcumas a bhaint amach agus páirt a ghlacadh go hiomlán mar shaoránaigh dhomhanda i ndomhan digiteach” (Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027, lch. 11)

Déanann Teicneolaíocht san Oideachas Oide, comhtháthú TFC sa teagasc agus san fhoghlaim a chur chun cinn i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna agus tacaíonn sé leo. Tá sé ina chuid den tseirbhís náisiúnta tacaíochta, Oide, a fheidhmíonn faoi choimirce na Roinne Oideachais. Ba é an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas (NCTE) a bhí freagrach as feidhmeanna Oide Teicneolaíocht san Oideachas roimhe seo. Comhtháthaíodh an NCTE leis an an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí i Meitheamh 2012 agus glacadh leis mar chuid d’Oide ar an 1 Meán Fómhair, 2023.
  • Nuacht agus Uasdátuithe

    Cliceáil chun breathnú

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin do Theicneolaíocht san Oideachas

Tabhair cuairt ar Shuíomh Gréasáin
Back to Top