Rannán na Ceannaireachta

Dioplóma Iarchéime

Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht Scoile

Tá an clár á chomhdhámhachtain ag Ollscoil Luimnigh (OL), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC).

  • Dioplóma gairmiúil foghlaim chumaisc páirtaimseartha (18 mí), a chuirtear ar fáil go háitiúil i naoi n-ionad ar fud na tíre 
  • Ar fáil i mBÁC (COBÁC agus OT Bhaile Bhlainséir), i Luimneach (OL), i nGaillimh (OÉG), i gCorcaigh (OT na Mumhan) agus in Ionaid Oideachais (Baile Átha Luain, Laois, Maigh Eo agus Trá Lí) agus ar líne (tá srianta i bhfeidhm) 
  • Tá ionad breise (ar líne den chuid is mó) in OÉG le soláthar ar leith do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge 
  • Tá an t-ábhar bunaithe ar cheithre réimse an Chreata Cháilíochta don Cheannaireacht agus don Bhainistíocht ó fhoilseachán na Roinne Oideachais (2022), Ag Breathnú ar an Scoil Againne agus cuimsíonn sé cuairteanna ceannaireachta ar scoil seachas ar na rannpháirtithe féin agus suíomh ceannaireachta agus bainistíochta lasmuigh de réimse an oideachais. 

Déantar sé mhodúl a theagasc i seimisteair a mhaireann dhá sheachtain déag. Trí sheimeastar ar fad atá ann san iomlán ann do gach cohórt, Meán Fómhair-Nollaig. Ean.-Bealt agus Meán Fómh.-Noll. 

Cuireann an RO tacaíocht táillí ar fáil don chlár seo, agus is é €2,000 an costas do rannpháirtithe. Tá an cúrsa oscailte do 300 rannpháirtí gach bliain. 

Tá an clár oscailte do gach múinteoir a bhfuil taithí cúig bliana de mhúinteoireacht acu agus iad cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Ní mór do rannpháirtithe a bheith ag obair i mbunscoil nó in iar-bhunscoil ar feadh thréimhse an chúrsa.    

Chun tuilleadh eolais a fháil, úsáid an nasc thíos:

www.ul.ie/pdsl 

Back to Top