IAR-BHUNSCOIL

Amharc-Ealaín / Ealaíon

De réir a nádúir, is í Ealaín an teanga a úsáidimid a thugann foirm dár smaointe. ​
​(Sonraíocht Ealaíne na hArdteistiméireachta 2019 )

Tugtar raon leathan eolais, scileanna agus luachanna don fhoghlaimeoir a dhéanann staidéar ar an Ealaín toisc go bhfaigheann sé taithí ar réimse leathan smaointe, cleachtas agus meán. Tugann an Ealaín deis don fhoghlaimeoir go leor scileanna atá coincheapúil agus praiticiúil a fhorbairt. Spreagann sí smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil, tacaíonn sí le scileanna fadhbréitigh a fhorbairt, agus neartaíonn sí inniúlacht an fhoghlaimeora smaointe a chur in iúl trína obair féin don lucht féachana beartaithe. Spreagann sé sin é le meas a fhorbairt dá chomhfhoghlaimeoirí agus don phobal níos leithne; le níos mó comhbhá a bheith aige le daoine eile. Ach foghlaim leis féin a chur in iúl, déanann an foghlaimeoir naisc ina chuid foghlama… (Sonraíocht Ealaíne na hArdteistiméireachta, 2019 l. 6) 

  • AMHARC-EALAÍN / EALAÍON

    Ealaín sa tSraith Shinsearach

    Aimsigh tuilleadh eolais
  • AMHARC-EALAÍN / EALAÍON

    Amharc Ealaín sa tSraith Shóisearach

    Aimsigh tuilleadh eolais
Back to Top