Cuardaigh

Earcaíocht

DEIS DO PHOIST IASACHTA LÁNAIMSEARTHA IN OIDE, SEIRBHÍS TACAÍOCHTA SCOILEANNA NA ROINNE OIDEACHAIS AGUS ÓIGE

Tá Oide ag earcú faoi láthair chun post lánaimseartha ar iasacht a líonadh ar feadh thréimhse na scoilbhliana 2026/2027. 

Tá iarratais á lorg ó cheannairí bunscoile cláraithe incháilithe ar an bpost seo a leanas:

Comhordaitheoir Ceannaireachta Oide (Bunscolaíocht)

Is féidir go gcuirfí painéil le chéile le haghaidh an phoist.

Chun a thuilleadh sonraí a fháil faoin bpost seo, lena n-áirítear sainchuntas poist, incháilitheacht agus conas iarratas a dhéanamh, iarrtar ort féachaint ar an Sainchuntas Poist anseo.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór iarratais a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais ar líne, atá ar fáil anseo, a líonadh ina hiomláine agus a chur isteach.

Ní mór foirmeacha iarratais a líonadh go hiomlán agus ba cheart iad a chur isteach i bhformáid leictreonach faoi 5pm ar an 28 Iúil 2026 chuig TPLS@Education.gov.ie

Is seirbhís tacaíochta scoileanna de chuid na Roinne Oideachais í Oide do cheannairí scoile agus múinteoirí

Má tá tuilleadh cúnaimh uait, seol ríomphost chugainn, le do thoil.
Teangmháil
Back to Top