Faomhadh

Tá sé de chúram ar Cheannaireacht Oide tacú le dearadh, forbairt, éascú agus meastóireacht ar fhoghlaim ghairmiúil ardchaighdeáin do cheannairí scoile. Tá freagracht air comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus struchtúr a thabhairt chuig an réimse foghlaim ghairmiúil ceannaireachta leathan atá ag éirí níos fairsinge tríd an bhfoghlaim sin a fhaomhadh.  Chun tuilleadh eolais a fháil, féach thíos Faomhadh na dTreoirlínte maidir le Foghlaim Ghairmiúil Cheannaireachta do Sholáthraithe.

Glao ar Sholáthraithe:

Tá Ceannaireacht Oide ag iarraidh ar sholáthraithe Foghlaim Ghairmiúil Cheannaireachta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile cláir a chur isteach lena bhfaomhadh. Tá an glao seo ar sholáthar oscailte do chláir cheannaireachta ag gach céim den cheannaireacht mar atá leagtha amach sa Leanúntas Ceannaireachta: múinteoir, sa lár, mianaidhmeannach, nuacheaptha, bunaithe agus ceannairí córais.

Má tá aon cheisteanna agat maidir leis an bpróiseas faofa, seol ríomhphost chugainn geraldine.mcnamara@oide.ie.

Má tá clár le cur isteach agat, íoslódáil Foirm Iarratais Faofa Oide atá ar fáil anseo.

Back to Top