Nósanna Imeachta Bí Cineálta do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta
Imeacht Foghlama Gairmiúla don lá iomlán

Cuireann an nósanna imeachta Bí Cineálta treo agus treoir ar fáil do scoileanna, maidir le bearta chun aghaidh a thabhairt ar iompraíocht bhulaíochta i scoileanna agus dul i ngleic léi. De réir Ciorcláin 55/2024, tiocfaidh ceanglais na nósanna imeachta i bhfeidhm ó thús scoilbhliain 2025/2026.

Ag an Imeacht Foghlaim Ghairmiúil seo tabharfar aghaidh ar;

'Cur chuige don oideachas uile' maidir le bulaíocht a chosc

An sainmhíniú ar bhulaíocht

Aghaidh a thabhairt ar iompar bulaíochta agus é a chosc

Ceanglais ar scoileanna maidir le nósanna imeachta Bí Cineálta agus beartais

Tacaíochtaí agus acmhainní do scoileanna

Tugtar cuireadh do bheirt mhúinteoirí cláraithe ó gach scoil freastal, ar ceannaire scoile duine dóibh. Cuirtear clúdach ionadaíochta ar fáil, nuair is gá.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis an imeacht foghlaim ghairmiúil agus eolas faoin gcaoi chun áit a chur in áirithe ar fáil ar an mbileog faoi iamh.

Return to Previous Page

Back to Top