Beidh sraith d’eispéiris foghlama ghairmiúla (EFG) ar siúl ag Oide faoin gCiorclán 0070/2024: Ábhar Dualgais do Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta i mí an Mheithimh 2027 agus ina dhiaidh sin. Sa chéad eispéireas foghlama gairmiúla (EFG), Bláthú Teanga í a Léamh: 1 Spléachadh ar ‘Cócó’ agus ‘Deireadh na Feide’, fiosrófar bealaí le litríocht a úsáid mar acmhainn teanga i bhforbairt scileanna teanga le béim ar an gcur chuige comhtháite. Bheadh sé fiúntach an t-ábhar dualgais sin a iniúchadh roimh ré. Beidh an t-aiseolas ó na rannpháirtithe mar bhonn eolais i ndearadh na chéad EFGanna eile sa tsraith amach anseo. Cuir d’áit in áirithe anseo.