Cuardaigh

EFG-An Tábhacht le hInniúlacht Fhisiciúil

Tá an-áthas ar Fhoireann Folláine Bunscoile Oide a roinnt go mbeidh ár gceardlanna An Tábhacht le hInniúlacht Fhisiciúil á reáchtáil againn i dTéarma 3.

Is é aidhm na ceardlainne seo ná muinín agus inniúlacht múinteoirí i dteagasc na hInniúlachta Fisiciúla a fheabhsú. Laistigh den cheardlann phraiticiúil dhá uair an chloig seo léireoimid conas a chabhróidh an acmhainn seo na hinniúlachta fisiciúla 'Gluais go Maith, Gluais go Minic' le múinteoirí clár forásach, leanbhlárnach a mhúineadh a mheallann rannpháirtíocht gach linbh sa Chorpoideachas.

I rith na ceardlainne, fiosróidh rannpháirtithe straitéisí praiticiúla éagsúla atá éasca a chur i bhfeidhm chun litearthacht fhisiciúil daltaí a fhorbairt. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar an mbileog leis seo.

Return to Previous Page

Back to Top