Cuardaigh

Tá líon teoranta de Chlinicí Ceannairí PMC fós ar fáil

Tá an-áthas ar fhoireann Bunscoile ETIM Oide a fhógairt go mbeidh áirithint le haghaidh Clinicí na gCeannairí ar líne do mhí Dheireadh Fómhair oscailte.

Beidh na clinicí seo ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge le linn agus tar éis uaireanta scoile do cheannairí scoile agus/nó curaclaim. Cuirfidh Ceannaire Foghlama Gairmiúla Oide (CFG) tacaíocht ar bhonn duine le duine chun cabhrú leat CMB a neartú agus a threisiú i do scoil.

Chun clárú le haghaidh Clinic Ceannairí, cliceáil anseo.

Chun go mbeidh an clinic oiriúnach do do scoil, tabhair an oiread eolais agus is féidir ar an bhfoirm áirithinte.

Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh tú ag clárú do chruinniú fiche nóiméad.

Seolfar nasc Microsoft Teams chugat roimh an gcruinniú.

Fill ar an Leathanach Roimhe

Back to Top