Tá an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 ag tógáil ar éachtaí agus ar uaillmhian na Straitéise roimhe seo agus tá sé mar aidhm aici tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chóras na scoile lena chinntiú go mbeidh an deis ag na foghlaimeoirí uile an t-eolas agus na scileanna a bhaint amach atá ag teastáil uathu chun a mbealach a dhéanamh trí dhomhan digiteach atá ag athrú de shíor. Forbraíodh an straitéis tar éis próisis chomhairliúcháin a bhí leathan agus fairsing agus leagtar amach ann spriocanna ardleibhéil faoi thrí phríomhcholún.
