Tá áthas ar Rannán Oide Teicneolaíocht san Oideachas Loinnir a fhógairt: Féile na Foghlama Digití, imeacht lae comhoibríoch ar mhaithe le ceannairí scoile agus ceannairí foghlama digití, a léiríonn cleachtas éifeachtach maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh na foghlama, an teagaisc, agus an mheasúnaithe. Beidh sé ar siúl Déardaoin an 14 Bealtaine 2026 in TUS Bhaile Átha Luain (Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne Bhaile Átha Luain).
Tá cuireadh do cheannairí scoile agus do cheannairí foghlama digití á thabhairt againn faoi láthair chun spéis a léiriú i bhfreastal ar an imeacht seo.
Clár Oibre:
- An príomhsheisiún
- Seisiúin ceardlainne comhuaineacha á n-óstach ag múinteoirí agus ceannairí scoile
- Deiseanna chun comhoibriú agus chun na chéad chéimeanna eile maidir le treorú foghlama digití i do scoil a phlé
Táthar ag súil gur mó a bheidh an líon léirithe spéise ná an líon spásanna atá ar fáil. Chun go mbeadh imeacht fiúntach cothrom ann, beidh próiseas roghnúcháin i bhfeidhm lena chinntiú go bhfuil ionadaíocht thar earnálacha ann, agus laistigh díobh, agus lena chinntiú go bhfuil éagsúlacht ann maidir le comhthéacsanna agus méid scoile.
Má spéis leat freastal air, iarraimid ort léiriú spéise a chur isteach tríd an bhfoirm a líonadh faoi Dé Céadaoin an 29 Aibreán 2026:
Cuirfear ar an eolas thú trí ríomhphost faoi stádas d’iarratais.
