Agus tú ag machnamh ar an mbliain acadúil atá le teacht, tá réimse teimpléid phleanála praiticiúla agus tacaíochtaí in “Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim” sa rannán Eacnamaíocht Bhaile ar shuíomh gréasáin Oide, a d’fhéadfadh cabhrú leat aonaid foghlama, seichimh ceachtanna agus cur chuige measúnaithe a dhearadh don Eacnamaíocht Bhaile sa tSraith Shóisearach.
I measc na n-acmhainní tá teimpléid phleanála idirghníomhacha, lena n-áirítear CFL2, agus cur i bhfeidhm praiticiúil an Dearaidh Uilíoch don Fhoghlaim (UDL).

