Cuardaigh

Turais Ghairmiúla na Múinteoirí

Is staidéar taighde fadaimseartha náisiúnta é Turais Ghairmiúla na Múinteoirí ina bpléitear na heispéiris a bhí ag múinteoirí in Éirinn sa chéad deich mbliana dá ngairm.

Tugtar cuireadh do chéimithe a bhí ar na cláir Oiliúna Tosaigh Múinteoirí sa Bhunscolaíocht, san Iar-bhunscolaíocht agus sa Bhreisoideachas sna blianta 2019 agus 2022 chun páirt a ghlacadh sa staidéar ach an suirbhé TPJ a líonadh. Seoladh an suirbhé trí ríomhphost chuig seoltaí atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Moltar do rannpháirtithe a mbosca isteach a sheiceáil, lena n-áirítear an fillteán turscair, chun teacht ar an suirbhé.

Tá an staidéar á mhaoiniú ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus ag an Roinn Oideachais agus Óige agus tá sé á reáchtáil ag cuibhreannas taighde lena n-áirítear Ollscoil Luimnigh, Coláiste Mhuire Gan Smál agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI).

Beidh deis ag na rannpháirtithe a líonfaidh an suirbhé dul isteach i gcrannchur chun aon cheann de dheich iPad úrnua a bhaint.

Back to Top