Tá spriocdhátaí ag druidim linn d’iarratais don chéad dream eile a thosóidh i Meán Fómhair 2026 ar dhá chlár páirtaimseartha iarchéime sa bhFraincis agus sa Ghaeilge – cúrsaí deartha go sonrach do mhúinteoirí cáilithe iarbhunscoile lena gcuid scileanna a fhorbairt agus le go mbeidís cáilithe le teagasc go leibhéal na hArdteistiméireachta. Maireann an dá chúrsa dhá bhliain agus tá siad maoinithe go hiomlán ag an Roinn Oideachais agus Óige.
Tá leagan amach na gcúrsaí seo in oiriúint don fhoghlaim sholúbtha – úsáidtear teagasc ar líne, ar an gcampas agus teagasc réamhthaifeadta, chomh maith le tumoideachas cultúrtha, le go mbeadh an clár in oiriúint do mhúinteoirí atá ag feidhmiú i róil lán- agus páirtaimseartha fud fad na tíre.
Tuilleadh eolais anseo: https://www.tcd.ie/education/courses/postgraduate/postgraduate-diplomas-in-irish-and-french-for-teachers/
Do mhúinteoirí a bhfuil suim acu sa tumoideachas trí Ghaeilge, tá an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, atá páirt-mhaoinithe ag an Roinn.
Le tuilleadh eolais a fháil ar aon cheann de na cláir seo, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil le Scoil an Oideachais ag ADMINEDU@tcd.ie nó féach na cláir ag https://www.tcd.ie/education/courses/
