Cuardaigh

Táthar ag glacadh le hiarratais maidir le Dioplóma Iarchéime in OSPS/OCG, Leibhéal 9 sa chreat náisiúnta cáilíochtaí (NQF)

Iarrtar ort féachaint ar an gCiorclán 0070/26 maidir leis an gClár Uasoiliúna Iarchéime ar mhaithe le Múinteoirí Iar-bhunscoile OSPS/OCG a eiseofar chuig gach iar-bhunscoil.

Tá sonraí sa Chiorclán ar an gclár uasoiliúna iarchéime, arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige agus arna sholáthar ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) ar mhaithe le múinteoirí san Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) agus san Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Cuirfear tús leis an gclár in 2027.

Back to Top