Cuardaigh

Punanna Digiteacha: Cumas Gníomhúcháin i bhFeidhm

CGibhF Bunscoil GA

Tá áthas ar Oide a fhógairt go mbeifear ag cur tús Céim 7 den tionscnamh maidir le Punanna Digiteacha: Cumas Gníomhúcháin i bhFeidhm do bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta i 2027.

Is tionscnamh foghlama gairmiúla é Cumas Gníomhúcháin i bhFeidhm ina bhfiosraítear an dóigh ar féidir le punanna digiteacha, cleachtais mheasúnaithe agus Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) oibriú le chéile chun cumas gníomhúcháin an fhoghlaimeoraa fheabhsú. Oibreoidh múinteoirí a roghnófar le bheith páirteach sa tionscnamh seo le Ceannaire Foghlama Gairmiúla (CGL), comhoibreoidh siad agus déanfaidh siad machnamh ar a gcleachtas. Schools selected to work on this project will work directly with an Oide Professional Learning Leader (PLL) to collaborate and reflect on their practice.

Tá fáilte roimh gach scoil trasna na tíre iarratas a chur isteach. Beidh múinteoirí ag tabhairt faoi fhoghlaim ghairmiúil fad a bheidh siad ag cur i bhfeidhm straitéisí praiticiúla ina seomraí ranga.

Beidh na príomhghnéithe seo a leanas i gceist le rannpháirtíocht sa tionscnamh seo:

Eispéiris Foghlama Gairmiúla (a Bheidh Aghaidh ar Aghaidh):

Beidh beirt mhúinteoirí ó gach scoil atá rannpháirteach i láthair go pearsanta ar thrí Eispéiris Foghlama Gairmiúla lánlae:

  • 19 Eanáir 2027 – Óstán Athlone Springs, Baile Átha Luain (Eispéaras Foghlama Gairmiúla 1)
  • 2 Márta 2027 – Óstán Athlone Springs, , Baile Átha Luain (Eispeáras Foghlama Gairmiúla 2)
  • 27 Bealtaine 2027 – Óstán Athlone Springs, Baile Átha Luain (Eispeáras Foghlama Gairmiúla 3)

Please note: A Principal or Deputy Principal from each participating school can attend Professional Learning Experience 2 on 2nd March 2027.

Cúrsa ar Líne (Riachtanas Réamhchláir):
Cuirfidh beirt de na múinteoirí atá páirteach ó gach scoil cúrsa gairid ar líne maidir le punanna digiteacha i gcrích (thart ar 1.5 uair) trí ardán foghlama ar líne Oide.
Ní mór an cúrsa seo chríochnú sula dtiocfaidh Eispéiris Foghlama Gairmiúla 1 ar on 19 Eanáir 2027.

Cuairteanna Scoile:
Gach scoil atá rannpháirteach, gheobhaidh siad dhá chuairt scoile ó Cheannaire Foghlama Gairmiúla Oide. Beidh an chéad chuairt ar siúl i ndiaidh don Eispéireas Foghlama Gairmiúla 1 agus beidh an dara chuairt ar siúl i ndiaidh don Eispéireas Foghlama Gairmiúla 2, ó Cheannaire Foghlama Gairmiúla a bheidh i láthair go pearsanta ag a scoil, chun tacú le múinteoirí agus iad ag cur na foghlama i bhfeidhm ar a gcleachtas seomra ranga agus chun tacú leo é a dhaingniú ann.

Clúdach IonadaíochtaT&C:
Cuirfear clúdach ionadaíochta ar fáil do bheirt mhúinteoirí an scoil chun bheith i láthair go pearsanta ag imeachtaí. Cuirfear clúdach ionadaíochta ar fáil do Phríomhoidí Teagaisc / Príomhoidí Tánaisteacha chomh maith. · Tá taisteal/cothú ar fáil de réir ráta oiliúna an Chláir Náisiúnta

Bíodh a fhios agat gur féidir féachaint ar na rátaí taistil/cothaithe atá le fáil i gcuid 2.3 den doiciméad atá nasctha leis seo.

Is féidir le scoileanna spéis a léiriú sa tionscnamh tríd an fhoirm thíos.

Is é an spriocdháta le haghaidh léiriú spéise a chur isteach ná is Dé Céadaoin, 25 Samhain, ag 5:00 i.n. Beidh na hiarratasaithe a éireoidh le fógra faoi Dé Céadaoin, 2 Nollaig 2026.

Tá físeán faisnéiseach gearr ar fáil thíos le sonraí breise.

Back to Top