Tugann Oide cuireadh le haghaidh iarratas maidir leis an tacaíocht seo a leanas a bheidh ar fáil le linn na bliana acadúla seo.
- Tacaíocht Ionscoile Ghinearálta 2026-2027
Tá sonraí maidir leis an tacaíocht a bheidh ar fáil le linn na bliana acadúla seo liostáilte anseo. Is féidir le scoileanna suas le trí réimse tacaíochta a roghnú agus rangaítear iad de réir a n-oird tosaíochta. - Tacaíocht Scoile le haghaidh Churaclam Matamaitice na Bunscoile (CMB) Is iarratas ar leith é seo ó aon iarratas eile a rinneadh maidir le Tacaíocht Ionscoile Ghinearálta mar atá luaite thuas. Is tacaíocht ionscoile shaincheaptha ar an láthair í Tacaíocht Scoile le haghaidh CMB atá ar fáil chun tacú le leabú Churaclam Matamaitice na Bunscoile. Is é atá i gceist le tacaíocht leanúnach ná gealltanas scoile tabhairt faoi fhiosrúchán comhoibríoch, a dhíreofar ar réimsí atá le forbairt nó le feabhsú de réir mar atá socraithe ag an scoil féin. Cuimsítear sa phróiseas suas le trí chuairt ó Cheannaire Foghlama Gairmiúla (CFG) le linn na bliana acadúla 2026/2027, agus gníomhartha atá leagtha amach go soiléir idir cuairteanna. Socróidh ceannairí scoile agus múinteoirí na réimsí tosaíochta sin roimh ré.
Bíodh a fhios agat go ndáiltear áiteanna de réir tús freastail ar an té is tuisce.
Is féidir teacht ar fhoirmeacha iarratais le haghaidh Tacaíocht Ionscoile agus Tacaíocht Ionscoile le haghaidh CMB tríd an tairseach iarratais anseo.
- Uimhir Rolla Na Scoile: [school_roll_number]
- Pasfhocal: schoolsupport2026
Má tá aon cheisteanna ann, téigh i dteagmháil lenar bhfoireann tacaíochta trí ríomhphost a sheoladh chuig primarysupport@oide.ie.
