Ghrafaic Fheidhmeach agus Dearadh (ar a dtugtaí Grafaic Dheartha agus Cumarsáide roimhe seo) le tabhairt isteach i scoileanna ó Mheán Fómhair 2027 ar aghaidh mar ábhar i dTráinse 3 d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.
Tá Eispéireas Foghlama Gairmiúla (EFG) Tosaigh maidir leis an tsonraíocht nua ar fáil ag Oide anois. Le linn an eispéiris foghlama gairmiúla sin, pléifear struchtúr agus príomhghnéithe na Sonraíochta le haghaidh Ghrafaic Fheidhmeach agus Dearadh na Sraithe Sinsearaí Feidhmí.
Beidh an EFG ar fáil in Ionaid Oideachais ar fud na tíre, agus is é an t-eispéireas foghlama gairmiúla céanna a chuirfear ar siúl ag gach ionad. Le linn clárú, iarrtar ort an t-ionad agus dáta is fearr a oireann do chúinsí a roghnú. Cuirfear clúdach ionadaíochta ar fáil, más gá, le haghaidh an EFG seo.
Tá an sceideal maidir le dátaí agus ionaid leagtha amach thíos:
