Cuardaigh

Cúrsaí Gaeilge TCD

Más múinteoir iarbhunscoile thú a bhfuil Gaeilge acu ach nach bhfuil an cháilíocht acu lena teagasc, tá cúrsa iarchéime ag Coláiste na Tríonóide leis an gcáilíocht sin a bhaint amach. Níl aon chostas ar an gcúrsa don mhúinteoir ná don scoil – cúrsa páirt-aimseartha, ar líne agus ar an gcampas. Tá an Dioplóma sa Ghaeilge do Mhúinteoirí maoinithe go hiomlán ag an Roinn Oideachais agus Óige. (Ní mór d’iarrthóirí a bheith cláraithe le Bealach a 2 leis an gComhairle Mhúinteoireachta le maoiniú a fháil.)

Do mhúinteoirí ag gach leibhéal, nó go deimhin do cheannairí scoile, a bhfuil suim acu sa tumoideachas trí Ghaeilge, bheadh an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta oiriúnach agus spreagúil dá gcleachtas. Tá an cúrsa seo maoinithe freisin (táille laghdaithe €650 p.a.) ag an Roinn. Tá sé seo iontach ábhartha do mhúinteoirí i nGaelscoileanna, ach tharlódh go mbeadh sé suimiúil do mhúinteoirí Gaeilge nó do chomhghleacaithe eile.

Tugaimid cuireadh do phríomhoidí a mbaill foirne a spreagadh cur isteach ar na cúrsaí seo, agus fáilte roimh mhúinteoirí an t-eolas a scaipeadh i measc comhghleacaithe le grá don Ghaeilge.

Tuilleadh sonraí thíos.

Diop agus MOid TCD

Póstaer Cúrsaí Oid TCD
Back to Top