
Tá áthas ar Oide a fhógairt go mbeifear ag cur tús Céim 7 den tionscnamh maidir le Punanna Digiteacha: Cumas Gníomhúcháin i bhFeidhm do bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta i 2027.
Is tionscnamh foghlama gairmiúla é Cumas Gníomhúcháin i bhFeidhm ina bhfiosraítear an dóigh ar féidir le punanna digiteacha, cleachtais mheasúnaithe agus Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) oibriú le chéile chun cumas gníomhúcháin an fhoghlaimeora a fheabhsú. Oibreoidh múinteoirí a roghnófar le bheith páirteach sa tionscnamh seo le Ceannaire Foghlama Gairmiúla (CGL), comhoibreoidh siad agus déanfaidh siad machnamh ar a gcleachtas.
Tá fáilte roimh gach scoil trasna na tíre iarratas a chur isteach. Beidh múinteoirí ag tabhairt faoi fhoghlaim ghairmiúil fad a bheidh siad ag cur i bhfeidhm straitéisí praiticiúla ina seomraí ranga.
Beidh na príomhghnéithe seo a leanas i gceist le rannpháirtíocht sa tionscnamh seo:
Eispéiris Foghlama Gairmiúla (a Bheidh Aghaidh ar Aghaidh):
Beidh beirt mhúinteoirí ó gach scoil atá rannpháirteach i láthair go pearsanta ar thrí Eispéiris Foghlama Gairmiúla lánlae:
- 19 Eanáir 2027 – Óstán Athlone Springs, Baile Átha Luain (Eispéaras Foghlama Gairmiúla 1)
- 2 Márta 2027 – Óstán Athlone Springs, , Baile Átha Luain (Eispeáras Foghlama Gairmiúla 2)
- 27 Bealtaine 2027 – Óstán Athlone Springs, Baile Átha Luain (Eispeáras Foghlama Gairmiúla 3)
Tabhair Faoi Deara: Is féidir le Príomhoidí nó Príomhoidí Tánaisteacha na scoileanna rannpháirteacha freastal ar Eispéaras Foghlama Gairmiúla 2 ar an 2 Márta 2027.
Cúrsa ar Líne (Riachtanas Réamhchláir):
Cuirfidh beirt de na múinteoirí atá páirteach ó gach scoil cúrsa gairid ar líne maidir le punanna digiteacha i gcrích (thart ar 1.5 uair) trí ardán foghlama ar líne Oide.
Bíodh an cúrsa seo curtha i gcrích agat roimh Eispéaras Foghlama Gairmiúla 1 ar an 19 Eanáir 2027.
Cuairteanna Scoile:
Gach scoil atá rannpháirteach, gheobhaidh siad dhá chuairt scoile ó Cheannaire Foghlama Gairmiúla Oide. Beidh an chéad chuairt ar siúl i ndiaidh don Eispéireas Foghlama Gairmiúla 1 agus beidh an dara chuairt ar siúl i ndiaidh don Eispéireas Foghlama Gairmiúla 2, ó Cheannaire Foghlama Gairmiúla a bheidh i láthair go pearsanta ag a scoil, chun tacú le múinteoirí agus iad ag cur na foghlama i bhfeidhm ar a gcleachtas seomra ranga agus chun tacú leo é a dhaingniú ann.
Clúdach Ionadaíochta/T&C:
Cuirfear clúdach ionadaíochta ar fáil do bheirt mhúinteoirí an scoil chun bheith i láthair go pearsanta ag imeachtaí. Cuirfear clúdach ionadaíochta ar fáil do Phríomhoidí Teagaisc / Príomhoidí Tánaisteacha chomh maith. Tá taisteal cothú ar fáil de réir ráta oiliúna an Chláir Náisiúnta
Bíodh a fhios agat gur féidir féachaint ar na rátaí taistil/cothaithe atá le fáil i gcuid 2.3 den doiciméad atá nasctha leis seo.
Is féidir le scoileanna spéis a léiriú sa tionscnamh tríd an fhoirm thíos.
Is é an dáta deiridh le haghaidh léirithe spéise ná Dé hAoine 20 Samhain ag 5i.n. Déanfar teagmháil le scoileanna rathúla faoin Aoine 27 Samhain.
Beidh seisiún eolais ar mhaithe leo siúd a bhfuil suim acu in iarratas a dhéanamh Dé Luain 9 Samhain ag 3.15i.n, is féidir clárú tríd an nasc thíos.
