Cuardaigh

Fógraíonn Oide Ceapachán Dhonncha Uí Treasaigh ina Stiúrthóir Ceannaireachta

Tá áthas ar Oide, an tseirbhís trasearnála tacaíochta foghlama gairmiúla atá ag obair faoin Roinn Oideachais agus Óige, a fhógairt gurceapadh Donncha Ó Treasaigh ina Stiúrthóir Ceannaireachta.

Tá níos mó ná scór blianta de cheannaireacht oideachais gradamach, rialachas feidhmeannach, agus nuálaíocht straitéiseach ag an Uasal Ó Treasaigh, rud a thugann sé leis chuig Oide. Le linn dó a bheith ina Stiúrthóir Scoileanna ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir ó Mheitheamh 2019, bhí Donncha ina Phríomhfheidhmeannach Gníomhach chomh maith in 2024/2025 tráth a bhí maoirseacht fheidhmeannach aige ar bhuiséad suntasach arbh fhiú na milliúin euro é agus ar fhoireann 2,600. Tá dea-theist ar a cheannaireacht bhunathraithe ina chuid oibre sa bhunscolaíocht, iar-bhunscolaíocht, oideachas speisialta agus leis an óige. 

Lena cheapachán ina Stiúrthóir Ceannaireachta, beidh an tUasal Ó Treasaigh i gceannas ar straitéisí náisiúnta agus ar chreatlaí foghlama gairmiúla ceannaireachta a a dearadh chun ceannairí scoile a chumhachtú ar fud na hÉireann – lena n-áirítear príomhoidí, príomhoidí tánaisteacha, ceannairí meánbhainistíochta agus ceannairí múinteora – le linn tréimhse suntasach d’athfhorbairt curaclaim agus d’athrú córais.

Agus é ag cur fáilte roimh Dhonncha, dúirt Dr. Pádraig Kirk, Stiúrthóir Bainistíochta Oide“Tá lúcháir ar Oide fáilte a chur roimh Dhonncha go dtí an eagraíocht. Is sinn an phríomheagraíocht atá ag soláthar foghlaim ghairmiúil i gcóras Oideachais na hÉireann, agus táim cinnte go bhfuil Donncha ag tabhairt stór saineolais agus taithí leis go dtí an ról, rud atá ag teastáil ag am ríthábhachtach do gach scoil mar gheall ar na hathruithe agus na dúshláin shuntasacha atá roimh na hearnálacha. Cuirfidh sé leis an obair mhaith a rinne a réamhtheachtaí, an Dr. Mary Nihill, chun tacú le ceannairí ag gach leibhéal ar feadh a n-aistir i ngach scoil”.

“Is mór an onóir dom é a bheith ceaptha i mo Stiúrthóir Ceannaireachta in Oide,"  a dúirt Donncha Ó Treasaigh. “Maidir le cáilíocht oideachasúil, cothromas, agus nuálaíocht a leabú inar bpobail, tá an cheannaireacht scoile ina chuid lárnach de sin. Is é mo phríomhfhís cultúr ceannaireachta atá inbhuanaithe agus a spreagtar le taighde a chothú, rud a chuimseoidh folláine ceannaire, a bhainfidh scoiteacht ghairmiúil, agus a neartóidh cumas ceannaireachta atá daingean dáilte thar gach pobal scoile in Éirinn."

I rith a ghairme, bíonn Donncha i gcónaí ar thús cadhnaíochta chun athruithe ag leibhéal an chórais a thabhairt chun cinn, chomh maith le forbairtí maidir le hoideachas ionchuimsitheach, agus le líonraí gairmiúla comhoibríocha:

  • Príomhoide Bunaidh, Gaelcholáiste Luimnigh (2006–2019): Bhí sé i gceannas ar fhás straitéiseach iar-bhunscoile Gaeilge ó 31 go 700 scoláire. Faoin gcreat Ag Breathnú ar an Scoil Againne, thug sé isteach samhail idir piaraí ó thaobh forbairt ghairmiúil de, modheolaíochtaí digiteacha, agus cleachtais maidir le measúnú foirmitheach a mhol Cigireacht na Roinne go hard.
  • Athrú an Chórais & Rialachas ar an Mórchóir: Bhí sé i gceannas ar athruithe réigiúnacha ríthábhachtacha mar Stiúrthóir Scoileanna, lena n-áirítear trí scoil a chónascadh chun Ennistymon Community School a bhunú agus Próiseas Iontrála Aontaithe na hInse a dhearadh agus a chur i bhfeidhm in iar-bhunscoileanna an bhaile.
  • Crann Taca ar son Riachtanais Oideachais Speisialta (ROS): Bhí sé i gceannas ar iarratas rathúil Phobalscoil Speisialta Luimnigh agus ar a bunú. Faoina stiúir, tháinig méadú faoina cheathair ar líon ranganna speisialta thar an BOOLC ó 13 in 2019 go 51 in 2026.
  • Ceannródaí san Fhoghlaim Ghairmiúil Múinteoirí (FGM): Scálaigh sé Pobail Chleachtais (PCanna) réigiúnacha thar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar mhaithe leis an Meáncheannaireacht, Foirne Tacaíochta Scoláire, Ceannairí Digiteacha, Comhordaitheoirí IB, agus Comhordaitheoirí ar Ranganna Speisialta. Bhí i gceannas ar an gComhpháirtíocht um Chúrsa Micridhintiúr Múinteoirí Comhoibríocha a cuireadh ar bun idir BOOLC agus Ollscoil Luimnigh.
  • Rialachas Boird & Rialachas Náisiúnta: Bhí ina bhall den Ghrúpa Comhairleach Cur i bhFeidhm um Straitéis Dhigiteach ag an Roinn Oideachais agus Óige, Feidhmeannas Náisiúnta CNPPT, ina Chathaoirleach ar an Iarsmalann Hunt, ina Chathaoirleach ar Ionad Tacaíochta Oideachais Luimnigh, agus ina Chomhchathaoirleach ar Líonra na gCeannairí Scoileanna (BOOÉ). Bhí Donncha ina bhall ar roinnt bord ag leibhéal na bunscoile agus na pobalscoile ar fud Luimnigh agus an Chláir.

Is iad seo a leanas trí thosaíocht a dhíreoidh an tUasal Ó Treasaigh air chun tacú le ceannairí scoile le linn a thréimhse:

  1. Ceannaireacht Inbhuanaithe agus Folláine Ceannaire: Dearadh creatlaí FGM agus córais tacaíochta a chuireann le teacht aniar, atá ag teacht leis an scoil mar atá sí, agus a chosnaíonn folláine ceannairí ar chloíteacht agus ar strus riaracháin.
  2. Cumas agus Ceannaireacht Dáilte a Fhorbairt: Ag cur samhlacha ceannaireachta chun cinn i gcomhpháirtíocht leis an ROÓ, Oide, IPPN (LPBE), CNPPT, agus Ionaid Tacaíochta Oideachais chun meáncheannairí a chumhachtú agus chun cur le cumas ceannaireachta sinsearaí amach anseo.
  3. Aghaidh a Thabhairt ar Athrú Córais agus ar Athrú Curaclaim: An cheannaireacht theagascach a thabhairt do cheannairí scoile atá ag teastáil chun cleachtais phraiticiúla leibhéal na scoile a dhéanamh as athruithe ar an mórchóir – lena n-áirítear Creatchuraclam na Bunscoile agus athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.

Tá Céim Máistir san Oideachas ag an Uasal Ó Treasaigh ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, mar aon le Dioplóma sa Dlí Oideachais (Hons.) ó Dhlí-Chumann na hÉireann, Ard-dioplóma sa TFC ó Ollscoil Mhá Nuad, agus BA ó Ollscoil Luimnigh. Tá sé go mór ar son an Ghaeloideachais agus tá Gaeilge líofa aige.

Back to Top