Labhraímis faoin Stair agus faoin Tíreolaíocht – Cur Chuige Dialógach Seimineár Gréasáin Eispéiris Foghlama Gairmiúla Trí Mheán an Bhéarla 1 Uair an chloig
Oideachas Sóisialta agus Imshaoil Bunscoile (OSI)
Dáta: 15 Bealtaine 2025
Am: 19:00 - 20:00
Suíomh: Ar líne
Cláraigh: Cliceáil thíos nó tabhair cuairt anseo.
Is é atá i gceist le cleachtas dialógach a éascú in OSI cultúr seomra ranga a chothú ina nglacann scoláirí páirt ghníomhach i bplé fiúntach, ina gceistíonn siad smaointe a chéile, agus ina dtógann siad ar smaointeoireacht a chéile.
San imeacht foghlaim ghairmiúil Béarla seo, taispeánfar conas:
- Cultúr a bhunú sa seomra ranga ina ndéantar cleachtas dialógach a chothú agus a fhorbairt
- 'Teanga dhíospóireachta' na bpáistí a chur chun cinn, agus iad ag obair mar staraithe agus mar gheografaithe, le linn chéimeanna na Bunscoile.
- Cultúr a iniúchadh le do rang trí cheachtanna bunaithe ar phlé.
- Déantáin gheografacha agus stairiúla ardchaighdeáin a roghnú mar spreagthaí chun do rang a chur ag caint.
