Tá an Dréachtsonraíocht do Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí.
Maireann an tréimhse chomhairliúcháin ón 9 Feabhra go dtí an 17 Aibreán 2026.
Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tá teagmháil déanta ag CNCM le scoileanna freisin chun páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe a bhfuil múinteoirí, daltaí agus ceannairí scoile páirteach iontu.
Tugtar cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht anseo.

