Cuardaigh

Eispéireas Foghlama Gairmiúla Lá 1 le haghaidh Chuntasaíocht na hArdteistiméireachta – Dáta Breise

Tá dáta breise trí mheán na Gaeilge curtha ar fáil–23 Samhain 2026

Cuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Cuntasaíocht na hArdteistiméireachta leis an gcuraclam do gach scoil le linn mhí Mheán Fómhair 2027. Tabharfar intreoir do mhúinteoirí san Eispéaras Foghlama Gairmiúla (EFG) seo ar na príomhghnéithe den tsonraíocht, lena n-áirítear na ceithre shnáithe, torthaí foghlama, agus dhá théama leathana inti: An Eitic agus An Inbhuanaitheacht i gcás sa Chuntasaíocht agus Teicneolaíocht Dhigiteach sa Chuntasaíocht*. Pléifear an dá théama leathana le linn an EFG seo.

Tá na heispéiris foghlama gairmiúla ar siúl in Ionaid Tacaíochta Oideachais áitiúla idir an 5 Deireadh Fómhair 2026 agus an 7 Nollaig 2026.

Tabhair do d’aire gurb í bainistíocht na scoile a chláróidh múinteoirí Cuntasaíochta le haghaidh an eispéiris foghlama gairmiúla sin trí dhul go dtí an Suíomh Clárúcháin Oide le haghaidh Scoileanna. Le haghaidh a thuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig: businesssubjects@oide.ie.

Fainic: Ní foláir do mhúinteoirí Cuntasaíochta gléas lánluchtaithe atá cumasaithe do wi-fi (ríomhaire glúine/táibléad) a thabhairt leo le haghaidh rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí. Beidh gléas ar a bhfuil feidhmchlár scarbhileoige suiteáillte cheana ag teastáil.

Back to Top