Dearadh an tEispéireas Foghlama Gairmiúla (EFG) seo do mhúinteoirí Cuntasaíochta atá ag obair le scarbhileoga den chéad uair agus atá ag iarraidh scarbhileoga a thabhairt isteach ina gcuid cleachtais chun tosaigh ar an tSonraíocht Churaclaim le haghaidh Chuntasaíocht na Sraithe Sinsearaí a chur i bhfeidhm (lena n-áirítear an téama trasghearrtha, An Teicneolaíocht Dhigiteach sa Chuntasaíocht) ina seomraí ranga in 2027/28.
Baintear úsáid as an duillín pá mar atá sé in Microsoft Excel chun bunscileanna scarbhileoige a léiriú lena n-áirítear na scileanna seo a leanas:
*do bhealach a dhéanamh trí leabhar oibre in Excel;
*bunfheidhmeanna eagraithe a chur i gcrích in Excel;
*foirmlí bunúsacha a roghnú agus a chur i bhfeidhm in Excel (suimiú, dealú, iolrú, roinnt);
*ag déileáil le níos mó ná bileog amháin; agus
*cairteacha agus graif a ullmhú.
Beidh an EFG céanna ar siúl ar gach ceann de na dátaí atá sceidealaithe. Roghnaigh ceann de na dátaí atá ar fáil chun clárú ach an cód MF a scanadh nó cuairt a thabhairt ar www.oide.ie/apply-book-now/teachers/ agus cuardach a dhéanamh ar ‘Cuntasaíocht na Sraithe Sinsearaí’. Má tá deacracht ar bith agat leis an gclárúchán nó má tá tuilleadh eolais de dhíth ort cuir ríomhphost chuig businesssubjects@oide.ie.
Nóta: Is féidir le múinteoirí a ghlacfaidh páirt san EFG seo na huaireanta a chur san áireamh mar chuid den 14 uair de EFG atá riachtanach faoi uaireanta Pháirc an Chrócaigh. Tá tuilleadh eolais ar fáil i gCiorclán 0066/2026
