Tionscadal FCÁT 2024/2025

FCÁT

Comhghairdeas ó chroí leis na 85 bunscoil a chríochnaigh Bliain 1 den Tionscadal FCÁT díreach roimh an Nollaig. Chaith siad 8 seachtaine ag múineadh ceachtanna corpoideachais leis an gcur chuige FCÁT sna ranganna Naíonán agus sna hArdranganna. Is ar an tSnáithe  Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta a raibh siad ag díriú, agus is ceachtanna treodóireachta a bhí ann den chuid is mó. Is mór againn an t-am a chaith na scoileanna ar dhul chun cinn na Gaeilge le linn na tréimhse seo!

IMG 20250107 WA0005
IMG 20250107 WA0008

Beidh na hiar-bhunscoileanna agus Bliain 2 de na Bunscoileanna ag tosú an tionscadail go luath i mí an Eanáir. Is ceachtanna Mata leis an gcur chuige FCÁT a bheidh á ndéanamh ag na páistí bunscoile atá ag filleadh ar an tionscadal seo don dara bliain le hOide. Dár ndóigh cuirtear an cur chuige FCÁT i bhfeidhm le hábhar eile an mhúinteora sna hiar-bhunscoileanna. Seo a leanas roinnt de na hábhair a bheidh in úsáid don tionscadal: Tíreolaíocht, OSPS, Mata, Corpoideachas.Tá CFGnna Oide ag súil go mór le tacaíocht a thabhairt do na scoileanna a bheidh ag tosú amach go luath agus le cloisteáil faoi conas atá ag eirí leo leis an nGaeilge  a chur chun cinn taobh amuigh den cheacht Ghaeilge.

Return to Previous Page

Back to Top