Search

GaelAonad

Plean-Gnímh don Ghaeilge (T2)

Fáilte go dtí Rannán an Phlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla ar ár suíomh. Sa rannán seo gheobhaidh sibh nuacht, uasdátuithe, príomhdhoiciméid, ábhair foghlama gairmiúla agus acmhainní a thacaíonn le cur i bhfeidhm an Phlean Gnímh don Ghaeilge in bhur ranganna agus in bhur scoileanna. Tá eolas ar fáil anseo freisin faoi thionscadail a bhfuil a spriocanna ailínithe le cuspóirí an Phlean Gnímh don Ghaeilge, mar shampla Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT). Is féidir cliceáil ar Bhunscoil nó Iar-bhunscoil chun tuilleadh eolais a fháil ar FCÁT anseo freisin. Sa rannán seo chomh maith tá sonraí faoi na himeachtaí agus na deiseanna foghlama gairmiúla atá á n-eagrú ag Oide chun tacú libh leis an bPlean Gnímh a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Faoi láthair:

· Is féidir iarratas a dhéanamh ar thacaíocht scoile trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@oide.ie.

· Tá EFG ar líne (uair an chloig) ar fáil dar teideal “Is Féidir Liom, Is Féidir Linn… An Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla agus an Plean Gnímh don Ghaeilge.”

Chun clárú: Tabhair cuairt ar: https://dms.oide.ie/event/public

Coinnigh súil amach freisin do:

· EFG ar líne ar an áis Foghlaim TG4, a dhíríonn ar na féidearthachtaí atá ann scileanna teanga a threisiú, go háirithe scileanna labhartha agus scileanna tuisceana agus leas á bhaint as an áis seo.

· EFG aghaidh ar aghaidh a bheidh dírithe ar chur i bhfeidhm an Phlean Gnímh don Ghaeilge i seomraí ranga agus i scoileanna meán-Bhéarla.

  • Bunscoil

    Cliceáil chun breathnú
  • Iar-bhunscoil

    Cliceáil chun breathnú
Back to Top