GaelAonad
Bunscoil
Sa rannán seo gheobhaidh sibh nuacht, uasdátuithe, príomhdhoiciméid, ábhair foghlama gairmiúla agus acmhainní a thacaíonn le cur i bhfeidhm an Phlean Gnímh don Ghaeilge in bhur ranganna agus in bhur scoileanna. Tá eolas ar fáil anseo freisin faoi thionscadail a bhfuil a spriocanna ailínithe le cuspóirí an Phlean Gnímh don Ghaeilge, mar shampla Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT).
Sa rannán seo chomh maith tá sonraí faoi na himeachtaí agus na deiseanna foghlama gairmiúla atá á n-eagrú ag Oide chun tacú libh leis an bPlean Gnímh a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
