Foghlaim Dhigiteach a Threorú

Tá áthas ar Theicneolaíocht san Oideachas Oide ‘Foghlaim Dhigiteach a Threorú’: cúrsa ar líne, a fhógairt.

Tá an cúrsa sin dírithe ar cheannairí scoileanna a bhfuil baint acu le foghlaim dhigiteach a threorú ina scoil féin agus ar bhaill fhoireann foghlama digití na scoile chomh maith. Beidh spéis agat sa chúrsa sin freisin má tá post freagrachta agat maidir le Teicneolaíochtaí Digiteacha nó má tá mianaidhm agat maidir le ról mar sin. You will also find this course is of interest if you have a position of responsibility for Digital Technologies or are aspiring towards such a role.

Tógann sé ceithre uair an chloig chun na cúig mhodúl den chúrsa a chríochnú ina n-iomláine. B’fhéidir gurbh fhearr leat plé le modúil roghnaithe amháin, ag brath ar do riachtanais foghlama féin, ar do spéiseanna agus ar do chuid freagrachtaí. Mar shampla, teastóidh ó dhaoine áirithe athstaidéar a dhéanamh ar bhonneagar teicneolaíochta digití. Beidh níos mó spéise ag daoine eile sa mhodúl a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha a leabú i gcleachtas sa seomra ranga.

Coinnigh cuimhne, mar an gcéanna le tacaíochtaí eile Oide, tá an cúrsa saor in aisce.

Is féidir leat blaiseadh den chúrsa a fháil sa bhfíseán gearr seo. https://vimeo.com/899867643/17765fefc5?share=copy

https://vimeo.com/899867643/17765fefc5?share=copy

Féach ar an gcur síos ar an gcúrsa agus cláraigh le do chuntas Scoilnet anseo. https://www.oidetechnologyineducation.ie/onlinecourses/an-fhoghlaim-dhigiteach-a-threoru/?lang=ga

Back to Top