Léiriú Spéise: Athbhreithniú SS ar Tíreolaíocht, Stair, Eacanamaíocht Bhaile, Matamaitic & Ceol

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm luath sonraíochtaí Sraithe Sóisearaí ábhair na Staire, na hEacnamaíochta Baile, na Tíreolaíochta, na Mhatamaitic agus an Cheoil (Céim 4). Tá roinnt gnéithe ag baint leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear aighneachtaí i scríbhinn, suirbhé do mhúinteoirí agus gné amháin atá bunaithe ar scoil. Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath seo.

Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná aiseolas a bhailiú ó bhainistíocht scoile, ó mhúinteoirí/oideoirí, agus ó pháirtithe leasmhara maidir le taithí ar na hábhair seo agus na socrúcháin mheasúnaithe a bhaineann leo i scoileanna.

Tá níos mó eolais ar fháil anseo: https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shoisearach/forbairti-curaclaim/eacnamaiocht-bhaile/

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Déardaoin an 29 Feabhra ag 5 in.

Back to Top