Tá an-áthas ar Fhoireann Folláine Bunscoile Oide a fhogairt go mbeidh ár gceardlanna “An féidir linn an cluiche a imirt?” i dTéarma 3. Tá sé mar aidhm ag an gceardlann seo tacú le múinteoirí bunscoile dul i ngleic le snáithe na gcluichí an churaclam corpoideachais. Laistigh den cheardlann phraiticiúil seo, tabharfar deiseanna do mhúinteoirí réimse cur chuige a fhiosrú chun tuiscint agus eolas na bpáistí ar ghníomhaíochtaí luaile a fhorbairt trí snáithe na gcluichí.
Féach ar an mbileog thíos chun tuilleadh eolais a fháil.
![](https://oide.ie/wp-content/uploads/2024/05/Bileog-Corpoideachas-Bunscoile-An-feidir-linn-an-cluiche-a-imirt-pdf.jpg)