I mí na Samhna seo, beidh áthas ar fhoireann ETIM Bhunscoile Oide cuireadh a thabhairt do mhúinteoirí páirt a ghlacadh ar líne i sraith de chúig cheardlann uair an chloig. Cuirfidh Muinín 2 spás comhoibríoch ar fáil chun teacht le chéile, smaointe a roinnt, agus chun a gcuid foghlama, teagaisc agus measúnaithe a fheabhsú.
Déanfar iniúchadh sna ceardlanna ar Ailgéabar, Am, Codáin, Ionadluach & Bonn a Deich, agus díreoidh an cheardlann dheireanach ar an Churaclam Matamaitice i gCleachtas – Foghlaim Fhiúntach Tharraingteach. Tabhair faoi deara go bhfuil an tsraith seo ina hathdhéanamh ar na ceardlanna Muinín 2 a tionóladh i dtréimhse 2 de bhliain scoile 2024/2025.
Déanfar múinteoirí a ghrúpáil le haghaidh na gceardlann de réir céime. Déanfaidh Ceannairí Foghlama Gairmiúla Oide an tsraith ceardlann a éascú.
Tá líon teoranta áiteanna!
Dé Chéadaoin @ 7.00 i.n.
Céim 1 , Céim 2, Céim 3 nó Céim 4
4 Samhain, 11 Samhain, 18 Samhain, 25 Samhain, 2 Nollaig
Deardaoin @ 7.00 i.n.
Céim 1 , Céim 2, Céim 3 nó Céim 4
5 Samhain, 12 Samhain, 19 Samhain, 26 Samhain, 3 Nollaig
