Cuardaigh

Fógra Tábhachtach: NCCA Ealaín

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais agus Óige faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Ealaín na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2028. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Ealaín na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Ba é forbairt Cháipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar Ealaín na hArdteistiméireachta an chéad chéim ó thaobh athfhorbairt Ealaín na hArdteistiméireachta de. Beidh comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú  ar siúl ón 1 Deireadh Fómhair go 12 Samhain.

Fill ar an Leathanach Roimhe

Back to Top