Cuardaigh

CMB Clinicí na gCeannairí

A Cheannairí Scoile agus Curaclaim.

Tá an-áthas ar fhoireann Bunscoile ETIM Oide a fhógairt go n-osclófar áirithintí do Chlinicí na gCeannairí ar líne do mhí an Dheireadh Fómhair ag 10.00am amárach, Dé Máirt, an 2ú Nollaig. Chun sonraí a fháil, cliceáil anseo.

Cuirfidh Ceannaire Foghlama Gairmiúla Oide (CFG) tacaíocht ar bhonn duine le duine chun cabhrú leat CMB a neartú agus a threisiú i do scoil.

Chun clárú le haghaidh Clinicí na gCeannairí, cliceáil ar an nasc seo. (Osclóidh na háirithintí ag 10.00am amárach)

Moltar do na scoileanna ar cuireadh in iúl dóibh go bhfaighidh siad Tacaíocht Scoile i gCuraclam na Matamaitice i mbliana gan áirithint a dhéanamh ar Chlinic na gCeannairí ag an am seo. Rachaidh Ceannaire Foghlama Gairmiúil (CFG) Oide i dteagmháil le do scoil sna seachtainí beaga romhainn maidir leis an Tacaíocht Scoile.

Chun go mbeidh an clinic oiriúnach do do scoil, tabhair an oiread eolais agus is féidir ar an bhfoirm áirithinte.  

Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh tú ag clárú do chruinniú fiche nóiméad Microsoft Teams.

Déan cinnte go bhfuil an fhuaim agus an ceamara ag obair roimh ré.

Anuas air sin, tabhair do d'aire nach féidir le scoileanna ach áirithint amháin a dhéanamh le linn na scoilbhliana.

Return to Previous Page

Back to Top