Cuardaigh

Dréachtsonraíocht le haghaidh Stair na hArdteistiméireachta

Tá an Dreáchtsonraíocht le haghaidh Stair na hArdteistiméireachta ceadaithe le haghaidh comhairliúchán poiblí.

Mairfidh tréimhse an chomhairliúcháin ó 2 Márta 2026 go dtí 1 Bealtaine 2026.

Tá rannpháirtíocht dhomhain i gceist leis an gcomhairliúchán le réimse leathan de pháirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tá CNCM tar éis dul i dteagmháil le scoileanna chomh maith le páirt a ghlacadh i ngrúpaí fócais scoilbhunaithe a mbeidh múinteoirí, scoláirí, agus ceannairí scoile páirteach iontu. 

Cuirimid fáilte romhat páirt a ghlacadh agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht. 

Má tá tú ag freagairt mar dhuine aonair (múinteoir/tuismitheoir/scoláire/ceannaire/oideoir múinteora/léachtóir/ taighdeoir), iarrtar ort an suirbhé ar líne a chomhlánú:

Má tá tú ag freagairt thar ceann eagraíochta, iarrtar ort an fhoirm aighneachta ar líne a chomhlánú agus í a chur ar ais chuig scconsultations@ncca.ie faoin 1 Bealtaine ar 5pm.


Cuir iarratas isteach chun freastal ar an imeacht comhairliúcháin sa Óstán an Strand, Luimneach, 22 Aibreán 2026.  Dúnfar na hiarratais Dé Luain, 13 Aibreán 2026 ar 5pm agus beidh teorainn ar líon na rannpháirtithe. Seolfar ríomhphost chucu siúd a bheidh ag freastal ar an imeacht comhairliúcháin tar éis an spriocdháta. 

Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán sin le bonn eolais a chur faoi obair Mheitheal Forbartha Stair na hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a mhionchoigeartú roimh an bhfaomhadh agus an foilsiú deiridh. 

Screenshot 2026 03 05 134948

Fill ar an Leathanach Roimhe

Back to Top